Translate Menlo Park Hotel Galway Translate Menlo Park Hotel Galway Translate Menlo Park Hotel Galway Translate Menlo Park Hotel Galway Translate Menlo Park Hotel Galway
Tel: +353 (0) 91 76 11 22
E Mail: info@menloparkhotel.com
Join Us on Facebook Follow Us on Facebook

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh bainte amach ag Óstán an Menlo Park

Home > HOME > Latest Updates > Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh bainte amach ag Óstán an Menlo Park

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh bainte amach ag Óstán an Menlo Park

D’fhógair Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D.,  Óstán an Menlo Park, Tír Oileán mar bhuaiteoirí iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2011 ag searmanas speisialta in Óstán Glenlo Abbey, Páirc na Sceach,  ar an Déardaoin 7 Aibreán 2011. Fógraíodh go raibh  ‘Scoil Tumadóireachta na Gaillimhe’, Bóthar na
Menlo Park HotelJohn Francis agus David Keane, Óstán an Menlo Park ag ceiliúradh tar éis dóibh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh a bhuachaint ag ócáid bhronnta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh in Óstán Glenlo Abbey, Páirc na Sceach, Gaillimh
Trá mar bhuaiteoirí ar an gCatagóir le fiche fostaithe nó níos lú.

Ag leanúint leis an gcinneadh a tógadh don chéad uair anuraidh, shocraigh na moltóirí  aitheantas speisialta a thabhairt do chomhlacht amháin a chuir isteach den chéad uair ar an nGradam i mbliana agus a bhain ardchaighdeán amach. Tugadh  ‘Bronnadh  Speisialta na  Moltóirí’ do  Paul Hardiman ón  Seomra Yoga, An Craein Beag, Bóthar na Farraige, Gaillimh.

Labhair, an tAire Stáit ag an mBronnadh agus dúirt;  Feictear domsa anseo tráthnóna inniu go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar i saol laethúil na ndaoine anseo i gcathair na Gaillimhe.  Is maith liom a fheiceáil go bhfuil sibh ag baint úsáide ceann as de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn chun bhur  n-iomaíochas sa mhargadh a fhorbairt  agus bhur bhféiniúlacht mar Ghaeil agus mar Ghaillimhigh a láidriú.  Treisíonn an Gradam clúiteach seo an ceangal tábhachtach idir an Ghaeilge agus cúrsaí gnó i gcoitinne agus cothaíonn sé slite nuálacha leis an Ghaeilge  a úsáid ar dhóigh dhearfach fhísiúil.

Bhí rímhéad ar David Keane nuair a bhronn an tAire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh air - dealbh álainn, deartha go speisialta don Ghradam ag Pádraic Reaney agus a léiríonn 14 Treabh na Gaillimhe, le treibh amháin bhreise chun buaiteoir an Ghradaim a chur in iúl – Treabh nua na Gaillimhe. Bronnadh pacáiste gnó orthu freisin ón nGrúpa Nuachtán Galway Advertiser, Galway Bay F.M., Snap Galway, Aerfort na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe le luach  €15,000.  Bronnadh  Séala Sheosaimh Uí Ógartaigh 'Q Marc' don Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe air chomh maith  i gcomhar le Bord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe.

Ar an bpainéal moltóireachta i mbliana bhí;  Carmel Brennan, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Séamas Ó Gríofa, Bácús Uí Ghríofa, Iar-bhuaiteoir an Ghradaim, Sinéad Ní Neachtain, OÉ Gaillimh agus Pádraic Ó Raighne, TG4.   Ag tagairt do na buaiteoirí, dúirt Jimmy Griffin, thar ceann na moltóirí; “Bhí sé an-deacair buaiteoir na bliana seo a roghnú do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh toisc go raibh an caighdeán chomh hard sin.  Is cosúil gur cúrsaí nuálaíochta an ghné is tábhachtaí do lucht gnó an lae inniu ag tráth a bhfuil cúrsaí eacnamaíochta na tíre ina gcíor thuathail.  Is ar an Nuálaíocht trí Ghaeilge atá an bhéim curtha ag gnólachtaí agus eagraíochtaí atá roghnaithe do Ghearrliosta an Ghradaim seo i mbliana.  Roghnaigh muid beirt bhuaiteoirí láidre as na catagóirí éagsúla, ach bhronn muid an Gradam ar an ngnó a sheas amach de thoradh a chuid ‘cruthaitheachta’ ‘nuálaíochta’ agus as a chuid díocais lena chinntiú go mbeadh a háit féin ag an Ghaeilge san ionad oibre”.

Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. ag bronnadh macasamhail den Ghradam ar bhuaiteoir an chatagóra le níos lú ná fiche fostaí ar Charlie Brehony ó Scoil Tumadóireachta na Gaillimhe.
Tá Óstán an Menlo Park lonnaithe i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe i dTír Oileán agus tá an Ghaeilge ‘fite fuite’ acu i ngach gné den Óstán. Ghlac Óstán an Menlo Park páirt sa Ghradam anuraidh agus bhí na moltóirí an-tógtha leis an dul chun cinn a bhí déanta acu le bliain anuas.  Tá an Ghaeilge le feiceáil ar chomharthaíocht lastigh agus lasmuigh den Óstán, ar bhiachláir, ar stáiseanóireacht agus tá seirbhís i nGaeilge ar fáil chomh maith. Tá beannacht dhátheangach ag fanacht duit i ngach ceann de na 70 seomraí leapan ag cinntiú go bhfaigheann iad siud a thugann cuairt ar Ghaillimh blas den Ghaeilge. Eagraíonn an Óstán ciorcal comhrá go  seachtainiúil agus tá  pleananna acu ‘Ambasadóir na Gaeilge’ a chur i  bhfeidhm  san Óstán leis an Ghaeilge a chur chun cinn níos mó sa todhchaí.  Dá thoradh seo, beidh tionchar iontach aige ar an bhfoireann féin, ar an bpobal, ar íomhá agus ar cháil na Gaillimhe mar chathair dhátheangach”.

Bhí na Moltóirí an-tógtha le Scoil Tumadóireachta na Gaillimhe,  buaiteoir an chatagóra le níos lua ná fiche fostaithe. Is iad an chéad scoil tumadóireachta go bhfuil na cearta acu chun cúrsaí PADI a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.  Tá an Ghaeilge in úsáid ar chomharthaíocht, stáiseanóireacht agus ar an suíomh idirlín acu chomh maith.  Bronnadh cúrsa seachtaine do bheirt ag foghlaim na Gaeilge le lóistín san áireamh orthu urraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta, OÉ, Gaillimh mar aon le macasamhail den Ghradam, urraithe ag Údarás na Gaeltachta.

Galway HotelBhí an teach lán agus i measc Cairde Ghaillimh le Gaeilge bhí; Leas Mhéara Cathrach na Gaillimhe, an Comhairleoir Frank Fahy, Clann Uí Ógartaigh, na Teachtaí Dála Éamon Ó Cuív. T.D., agus Brian Walsh T.D., Comhairleoirí Cathrach agus Contae na Gaillimhe, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Carmel Brennan, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge Iggy Ó Muircheartaigh agus baill eile de Choiste Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge i láthair ag an searmanas speisialta.

Cuireann Gaillimh le Gaeilge an tseirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ar fáil, saor in aisce do ghnólachtaí/d’eagraíochtaí chun cuidiú leo an Ghaeilge a shní isteach ina gcuid gnólachtaí.  Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh nó ar an obair a dhéanann siad, déan teagmháil le do thoil le Gaillimh le Gaeilge ar:  091-568876 nó téigh chuig www.gleg.ie.    

Tuilleadh eolais: Gearóidín Ní Ghioballáin, Gaillimh le Gaeilge, Teach Uí Chiaruáin, Sráid Thobar an Iarla,  Gaillimh. Fón: 091 568876/087 2438608  R-phost: gearoidin@gleg.ie.

Best Rate Guarantee

Check-in
Check-out
Promotion Code:
Menlo Park Hotel Galway Photos
Galway Videos
Menlo Park Hotel Virtual Tours

Upcoming Galway Events

Become a Preferred Guest

Email: